← Ansin chuir sé an tonn bhaiste air. 🔊✎
← Ansin scaoilidís orthu an chonairt go ndúiseoidís an damh, an fia, an mhuc, an giorria, an sionnach agus an broc. 🔊✎
← Lasaidís tinte móra ansin agus chruinnidís moll cloch le deargadh iontu. 🔊✎
← Ansin ghléasaidís cuid den fheoil ar bhearacha adhmaid, dá bruit leis an tine agus an chuid eile ina dlaoithe le súgáin agus chuiridís san uisce í sa chlais ba mhó den dá chlais. 🔊✎
← Ansin bhidís ag cuimilt na n-alt agus a gcuislí go gcuiridís a dtuirse díobh agus chaithidís a bproinn ina dhiaidh sin". 🔊✎
← Ní raibh glacadh ansin leis: Dá ligfeadh sé a loit le hurchar sleá. 🔊
← Dá ndéanfadh sé é sin uile chaithfeadh sé móid a thabhairt go mbeadh sé umhal urramach do Rí na Féinne agus ansin ghlacfadh Fionn sa bhFiannaíocht é. 🔊✎